Nuala Ní Dhomhnaill
Rugadh Nuala Ní Dhomhnaill i Lancashire Shasana sa bhliain 1952. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí. Nuair nach raibh ach cúig bliana slánaithe aici bhog sí go Ceann Trá agus chónaigh lena haintín ar feadh dhá bhliain sular lean a tuismitheoirí í. Chomh maith le Gaeltacht Chorca Dhuibhne chaith sí tréimhsí i Luimneach agus in Aonach Urmhumhan le linn a hóige. Uncail léi is ea Pádraig Ó Fiannachta.
Sa bhliain 1981 a foilsíodh cnuasach dá fílíocht Ghaeilge den chéad uair: An Dealg Droighin (1981). Glacadh léi mar bhall d'Aosdána.
Tá filíocht Ní Dhomhnaill tagtha in inmhe ach maireann tionchar thréimhse Innti ina dánta. Samhlaíocht agus béaloideas agus na sean-amhráin a bhíonn aici mar thobar dá cuid saothair. Go minic, cuirteann sí sainchomharthaí an bhéaloidis agus gnéithe den saol nua-aimseartha i gcodarsnocht lena chéile. Dar léi, "'Myth is a basic, fundamental structuring of our reality, a narrative that we place on the chaos of sensation to make sense of our lives'. Tá féith an ghrinn agus rian den fheimineachas le brath ar chuid dá saothair chomh maith.
Is iomaí duais a bronnadh uirthi in Éirinn agus go hidirináisúnta.
Tá dánta lé Ní Domhnaill le fáil san iliomad díolaimí ach seo iad na cnuasaigh aonair: An dealg droighin (Corcaigh: Mercier, 1981); Féar suaithinseach (Maigh Nuad: An Sagart, 1984); Feis (Maigh Nuad: An Sagart, 1991); Spíonáin is róiseanna (leabhar agus caisead) (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1993); Cead aighnis (Maigh Nuad: An Sagart, 1999).
Is iomaí cnuasach filíochta, dráma do pháistí, script scannán, díolaim, alt, léirmheas agus aiste atá foilsithe aici. I measc a saothar eile tá Féar Suaithinseach (1984); Feis (1991), agus Cead Aighnis (2000), cnuasach ina bhfuil dánta faoi shlua atá ag cur fúthu faoin bhfarraige darbh ainm na Murúcha.
Pádraig de Búis/Paddy Bushe
Rugadh Paddy Bushe i Mbaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Tá cónaí ar in Uíbh Ráthach ó 1973 i leith. Scríobhann sé as Béarla agus as Gaeilge, agus bíonn sé ag aistriú idir an dá theanga freisin, chomh maith le haistriúcháin ó theangacha eile. Is é My Lord Buddha of Carraig Éanna (Dedalus, 2012) an leabhar is déanaí uaidh, agus faoi láthair tá sé ag aistriú saothar Shomhairle Mhic Gill-Eain go Gaeilge. Is ball de Aosdána é.
Gabriel Fitzmaurice
Rugadh Gabriel Fitzmaurice sa bhliain 1952 i Maigh Mheáin i gCiarraí thuaidh. Oileadh é mar mhúinteoir bunscoile i 1972. D'éirigh sé as múinteoireacht mar phríomhoide i mbunscoil Maigh Mheáin sa bhliain 2007. Tá níos mó ná caoga leabhar foilsithe aige idir fhilíocht Béarla is Gaeilge, filíocht do pháistí i nGaeilge agus Béarla agus aistriúcháin idir phrós agus fhilíocht ón nGaeilge. Cónaíonn sé fós i Maigh Mheáin.
Ag cur aithne ort
Córagrafaíocht: Máire Ní Hartagáin
Rinceoirí: Lisa Ní Chathail agus Sultan Kakar
Ceol: Peter Gabriel agus René Aubry
Leiríonn an seó an tslí go gcuireann daoine aithne ar a chéile de réir a chéile. Cuireann na rinceoirí spleáchas agus neamhspleáchas in iúl agus iad ar thóir pointí ama nuair a tharlaíonn teagmháil a nascann beirt le chéile. Tógann an rince ceisteanna ar nós: Cen sórt duine tusa?
Tháinig an fhoireann rince ghairmiúil, Rince Solabhartha, le chéile i gCo. Luimní, i Meán Fómhair, 2011. Déanann na rinceoirí, Máire Ní Hartagáin, Lisa Ní Chathail, Rhona Ní Chochláin agus Sultan Kakar rince cruthaitheach, comhtháite. Chuireadar taispeántas rince ar siúl don Uachtarán, Mícheál D. Ó Huigín ag éigse Mhichíl Uí Hairtnéide sa Chaisleán Nua Thiar i mbliana agus bhíodar ar Nationwide, RTÉ, mí Aibreáin seo caite. Tá an-áthas ar bhaill na foirne an seó 'Ag cur aithne ort' a chur i láthair ag An bhFéile Bheag Filíochta.
Faigheann Rince Solabhartha tacaíocht ón Oifig Ealaíon, Comhairle Chontae Luimní.
Sultan Kakar
Rugadh san Afganastáin é agus d'aistrigh sé go Luimneach trí bliana ó shin. Is mac léinn ríomhaireachta san Institiúid Teicneolaíochta é. Bhuaigh sé go leor duaiseanna Boccio i 2011. Imríonn se cispheil agus iomáint le Cumann Chathaoir Rothaí na hÉireann.
Lisa Cahill
Rugadh Lisa i gCo. Luimní. Ta sí cáilithe mar rinceoir agus mar mhúinteoir rince chomhaimseartha chruthaithigh. Sa bhliain 2010, dhein sí iarchéim sa damhsa cruthaitheach in Ollscoil Luimní. Faoi láthair, tá sí ag rince agus ag múineadh damhsa i bPort Láirge agus i Luimneach. Mhúin sí an rince cruthaitheach trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil na nDéise, i gCo. Phort Láirge, le déanaí.
Noel Ó Briain
Chaith NOEL Ó BRIAIN mór chuid dá shaol mar Léirtheóir agos Stiúrthóir ar Raidio agus Teilifís. Léirigh sé cláracha mar The Riordans, Wanderly Wagon, Glenroe, Bracken agus rl.agus na scanáin Raic agus Grásta in America le Antoine Ó Flatharta. Bhuaidh sé Jacobs Award lena léiriú radio ar Judas Iscariot agus a Bhean le Seán Ó Tuama agus duais an Cheiltic Film Festival le Brigid le Tom Murphy. D'oibrigh sé mar Léirtheóir agus Dearthóir san amharclann freisean go mór mór ins na seascaidí ins An Damer i mBláth Cliath agus le déanaí ins An Lab sa Daingean. Tá a chuid dánta foilsithe ag Seven Towers faoi'n dteidil Scattering Days.
Billy Ramsell
Rugadh Billy Ramsell i gCorcaigh, sa bhliain 1977 agus fuair se a chuid oideachais sa North Mon agus Ollscoil Chorcaigh. Sa bhliain 2007 a foilsíodh cnuasach dá chuid fhilíocht Complicated Pleasures, b'iad Dedalus Press na foilsitheoirí. Bhí a shaothar ar an gearr liosta i gcomhair scata duaiseanna, agus léigh a dánta in Éirinn agus I scata áiteanna timpeall an domhan.
Bertha Mc Cullagh
Mairtin Ó'Briain

