Insert Logo Here

 

Mairín Feirtéar, beannacht Dé lena a hanam (1933 - 2012)

Mairín Feirtear Máirín Feirtéar (RIP), beannacht Dé lena hanam, a raibh cónaí uirthi age baile i mBaile an Fheirtéaraigh, ó d éirigh sí as an mhúinteoireacht i gColáiste Íosagáin.

'S é seo a leanas cad a bhí le rá ag Mairín" Is breá lem chroí an fhilíocht, sa Ghaolainn nó sa Bhéarla, múineadh na filíochta, léamh na filíochta, bheith i gcomhluadar na bhfilí nó bheith ag déanamh iarrachtaí bacacha cúpla líne a scríobh.

Is dóigh liom gurb iad Aodhgán Ó Rathaille agus An Ríordánach mo rogha den seana - dhream. Ní luafad éinne as an scata atá ag scríobh sa dúthaigh seo anois, ar eagla na heagla ! "

 


 

Domhnall Mac Síthigh

Domhnall Mac Síthigh Rugadh agus tógadh Domhnall Mac Síthigh i mBaile Eaglaise, in Iarthar Dhuibhneach, D'fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Naomh UInseann Bhaile an Fheirtéaraigh, ar Mheánscoil na mBráithre i nDaingean Uí Chúíse agus ar Cholásite Bhréanainn Chill Áirne. Oileadh sé mar mhúinteoir Admhmadóíreachta Oideachasúil. Tá morán turasanna fada farraige curtha de aige. Tá ardeolas aige ar fharraigí Chorca Dhuibhne agus na mBlascaosdaí. Is file pobail aitheanta é agus áirítear é mar shárchainteoir Gaeilge. Is é a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas Dreas Cainte an Oireachtais sa Daingean i 2001. Údar Fan Inti (Coiscéim 2003), Allagar na gCloch/ Stonechat - i gcomhar le Dominique Lieb (Púca Press, 2006) agus Súíl Seilge, cnuasach filíochta (Coiscéim, 2007). Maireann sé féin agus a bhean Máire i mBaile Eaglaise. Tá triúr clainne acu Cormac, Roisín agus Órla.

Bríd Ní Mhóráin

Brid Ni MhorainTá conaí ar Bhríd ar an gCam, in Oirthear Duibhneach agus í ag oibriú mar scríbhneoir cónaitheach pairtaimseartha le hOidhreacht Chorca Dhuibhne(le tacaíocht Ealaín na Gaeltachta) ó 2003. Ceithre chnuasach Gaeilge atá foilsithe aici: Céiliúradh Cré(Coiscéim) 1992, Fe Bhrat Bhríde (An Sagart) 2002, Síolta an Iomais (Cló Iar-Chonnachta) 2006, Pietas (An Sagart) 2010 agus cnuasach dátheangach-An Cosán Bán/The White Path (Oidhreacht Chorca Dhuibhne)2008. Tá duaiseanna don bhfilíocht (1988 & 1989) agus don bprós (1992) buaite aici san Oireachtas, chomh maith leis an gcéad duais do dhán Gaeilge (2005) i bhFeile Filíochta Idirnáisiúnta na Leabharlanna Dún Laoire/Rath an Dúin. D'fhoilsigh An Sagart a tráchtas M. Litt. fén teideal Thiar sa Mhainistir ata an Ghaolainn bhreá (1997).

Ceaití Ní Bheildiúin

Ceaití Ní Bheildúin Bhog Ceaití Ní Bheildiúin ó Bhaile Átha Cliath go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne i 2003, áit a lonnaíonn sí fós. Is scríbhneoir, múinteoir, ealaíontóir, scannánaí í. Tá dhá chnuasach filiochta aici, An Teorainn Bheo (Coiscéim, 2007) agus Púca gan Dealramh (Coiscéim, 2010). Tá sí ag oibriú ar a triú cnuasach le maoiniú agus coimisiún ó Fhoras na Gaeilge/Coiscéim. Scríobh Ceaiti gearrdhráma, Port na Mammies (2009) le coimisiúin ó LAB na Mainistreach, An Daingean, áit ar cuireadh ar stáitse é cúpla uair. Ceapadh í ina scríbhneoir cónaitheach sa Díseart, An Daingean, 2008-2009 fé scéim Ealaíontóir Cónaitheach Harry Clarke. Tá duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta agus tá sparánacht fachta aici ón gComhairle Ealaíon (2010).

Louis Mulcahy - Stiúrthóir

Louis Mulcahy

Tá dánta Louis Mulcahy foilsithe i roinnt duanairí, An Stinging Fly, Stony Thursday, Boyne Berries, Sonas agus Revival ina measc. Léadh a chuid vearsaí ar Sunday Miscellany RTE 1 agus ar Lyric Radio.  Bain sé amach áit ar an ngearrliosta do cúigear i gcomórtas bailiúcháin as Béarla i Lios Túathail i 2008 agus aríst i 2010. I 2004 bronnadh Céim Oinigh air ó Ollscoil Na hÉireann ar son a obair i bPotadóireacht Na Caolóige. Tá sé pósta leis an Ealaíontóir Taipéis, Lisbeth Mulcahy.